"Breaking the Cycle"

Tá an scoil s’againne páirteach sa scéim píolóiteach ‘Breaking the Cycle’ ó mí Eanair 1997. Is ar son gasúir agus teaghlaigh faoi mhíbhuntáiste atá an scéim agus tá an scoil s’againne i gcnuasacht in éineacht le S.N. Ros a ‘Mhíl, S.N. Leitir Móir, S.N. Leitir Calaidh agus S.N. Leitir Mucú. Tá co-ordnóir amháin idir na cúig scoil atá bunaithe anseo i Scoil na Tulaí. Caitheann an co-ordnóir lá amháin sa tseachtain i ngach scoil. Oibríonn sé/sí leis na gasúir, ag eagrú imeachtaí spéisiúla dóibh ar nós ranganna aclaíochta agus lúthchleasaíochta. Oibríonn sí leis na tuismitheoirí freisin, idir cuairteanna baile agus ranganna oíche ar nós damhsa seit agus cóiriú bláth.

Ba í Úna de Cléir a bhí mar chó-ordnóir againn ó 1997 go dtí 1999, Bríd Bleasdale ó ’99 go dtí ’00 agus sí Yvonne Ní Laife atá ina bhun faoi láthair.

Beidh an scéim seo ‘Breaking the Cycle’ ag críochnú i mí Meitheamh 2001 agus beidh scéim nua dá leithéid ag tosú i Meán Fómhair 2001. Beidh cnuasacht nua againn le S.N. Shailearna, S.N. Ros a ‘Mhíl agus S.N. an Tuairín.

  Abhaile!